Bí Páirteach le Éire Aindiach

Ar son Scoileanna Saolta agus Dlíthe Eiticiúla

Chun ballraíocht a athnuachan, cliceáil ar an gcluaisín cláraithe ag an mbarr ar dheis agus roghnaigh an rogha is fearr leat.

  • An n-úsáideann tú réasún agus fianaise chun an domhan a thuiscint?
  • An maireann tú de réir do mhoráltacht nádúrtha, seachas rialacha reiligiúnacha?
  • An bhfuil tú ag iarraidh comhionannas os comhair an dlí beag beann ar chreideamh?

Bí páirteach le Éire Aindiach agus cabhraigh le na haidhmeanna seo a bhaint amach. Is grúpa abhcóideachta deonach muid gan aon mhaoiniú stáit. Braitheann muid ar ár mbaill chun ár n-obair abhcóideachta a choinneáil ar siúl.

Ó bunaíodh muid in 2008, tá muid tar éis:

  • Na focail atheantas agus sochaí shaolta a dhéanamh gnáth
  • Stádas comhairliúcháin speisialta a bhaint amach ag na Náisiúin Aontaithe
  • An cion masla a bhaint ónár mBunreacht
  • Tacaíocht a thabhairt don chomhionannas pósadh agus Aisghairm an 8ú
  • Deireadh a chur le cuid den díscríobh inár scoileanna agus dlíthe
  • Cuidiú le daoine a ndéantar géarleanúint orthu mar gheall ar a gcreideamh ar fud an domhain
  • Oibriú le grúpaí reiligiúnacha chun sochaí shaolta a chur chun cinn

Sna blianta atá romhainn, tá sé mar aidhm againn:

  • Cumhacht a thabhairt do réasún, fianaise, agus moráltacht nádúrtha
  • Deireadh a chur le gach díscríobh reiligiúnach inár scoileanna
  • Deireadh a chur le mionn reiligiúnach don Uachtarán, breithiúna agus an Taoiseach
  • Ár ndlíthe comhionannais, postanna, sláinte, agus pósadh a shaoradh ó reiligiún
  • Leanúint ar aghaidh ag déanamh abhcóideachta ag na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa
  • Oibriú le daoine eile chun domhan níos eiticiúla agus níos saolta a thógáil

Nuair a bheidh tú páirteach le Éire Aindiach is féidir leat:

  • Cuidiú leis na haidhmeanna thuasluaite a bhaint amach
  • Cuidiú le polasaí a shocrú agus oifigigh a thoghadh
  • Freastal ar chruinnithe baill agus imeachtaí sóisialta
  • Níl le híoc ach €25 sa bhliain má tá ioncam agat nó €10 más rud é nach bhfuil
  • Ár gcuntais a scrúdú ag gach AGM
  • Bheith gníomhach mar oibrí deonach más mian leat

Conas is féidir liom bheith páirteach le Éire Aindiach?

Chun ballraíocht a athnuachan, cliceáil ar an gcluaisín cláraithe ag an mbarr ar dheis agus roghnaigh an rogha is fearr leat.